Droichead Mór-mhara Bhá Jiaozhou

Droichead Trasna na Farraige Bhá Jiaozhou

Is droichead bóthair 26.7 km (16.6 míle) ar fhad é Droichead Bhá Jiaozhou (nó Droichead Qingdao Haiwan) i gcúige Shandong in oirthear na Síne, atá mar chuid de Thionscadal Nasctha Bhá Jiaozhou atá 41.58 km (25.84 míle).[1] Is é 25.9 km (16.1 míle) an chuid leanúnach is faide den droichead.[3], rud a fhágann gurb é ceann de na droichid is faide ar domhan é.

Tá dearadh T-chruthach ar an droichead agus na príomhphointí iontrála agus imeachta i Huangdao agus i gCeantar Licang i Qingdao. Tá brainse go hOileán Hongdao ceangailte leis an bpríomhréise le malartú T leaththreorach. Tá an droichead deartha chun crith talún, tíofúin agus imbhuailtí ó longa a sheasamh.